Gaelscoil Charman ABÚ!

08-November-24
Gaelscoil Charman ABÚ!

GAELSCOIL CHARMAN ABÚ!!!

Scoil Charman 2 – 4 1 – 3 Scoil Pháirc Uí Chinnéide

Scríobh foireann peile na gcailíní a n-ainmneacha i stair na scoile faoi na soilse i bPáirc Loch Garman ar an 4ú Mí na Samhna 2024. I ndiaidh catha i gcoinne na gcailíní cróga ó Pháirc Uí Chinnéide, léirigh ár laochra Gael a spioraid, a scileanna & a dtréithe ar leith sa dara leath chun trófaí iomráiteach an tSraithe Uirbigh Mhic Riocaird a thabhairt thar n-ais chuig an scoil leo.

Díreach ag tús an chluiche, bhí deis ceiliúrtha ag ár lucht féachana ollmhór nuair a d’éirigh le Aoibheann Nic Eochaidh cúinne an cúil a bhaint amach & an líontán a chroitheadh. Ábhar brionglóide mar thús; 1-0 chun tosaigh cheana féin. Ach de réir mar a shleamhnaigh an chéad leath ar aghaidh, bhí sé soiléir go mbeadh fíor-iarracht & troid ceart ag teastáil chun an lámh in uachtar a fháil ar Pháirc Uí Chinnéide. Bhíomar buíoch as ucht na hoibre sna chúlaithe tríd an gcéad leath.

Leis na captaein Evelyn Ní Bhraonáin & Alex Ní Raghallaigh chun cinn ó thús go deireadh, thóg na cailíní balla os comhair ár gcúl. Le Annie Nic Chormaic, Lelia Ní hEachín & Meadhbh Ní Chuilinn ag troid go fíochmhar do gach aon liathróid a thit anuas orthu, ba léir don lucht féachana go mbeadh obair na gcapall i gceist chun poll ar bith a aimsiú inár gcosaint. Ní dóigh liom go mbeadh Euclid na Sean-Gréige in ann cuntas a choimeád ar an méid seilbhe a bhuaigh Alannah Ní Fhlannagáin, chun faoiseamh a thabhairt d’Aisling Ní Bhailís sa chúl nuair a bhíomar faoi bhrú!

I lár na páirce, shílfeá go raibh maighnéid i lámha Aoibheann don liathróid – i gcónaí san áit cheart le tacaíocht a thabhairt, is an cinneadh ceart á déanamh aici. Chuir Aoibhe Ní Bhroin a corp ar an líne arís is arís eile ar son na cúise. Léirigh Aoibhe a scil is a láidreacht a scanródh Déithe Peile na Flaithis iad féin!

Thuas sna leath-tosaithe, níor stop Sadbh Ní Fhathaigh, Grace Nic Eochaidh nó Bella Rose Ní hEachach ag troid ar son a gcomrádaithe. Sa líne lán-tosaigh, bhí Caoimhe Ní Mhairtín, Aya Tribak & Myah Ní Shiúil i gceann na himeartha go deo agus iad sa tóir ar an liathróid. Tháinig Saoirse Rogers Brady isteach le linn an chéad leatha chun tacaíocht a thabhairt dóibh. In ainneoin na n-iarrachtaí ar fud na páirce, d’éirigh le Páirc Uí Chinnéide briseadh tríd trí huaire. Bhí cúis buartha ionainn ar fad i nglas & buí ag tarraingt ar leathama nuair a chroith siad an líontán iad féin. Nuair a chuir an réiteoir deireadh le cúrsaí sa chéad leath, bhíomar dhá scór ar chúl:

Leathama: Scoil Charman 1 – 0 1 – 2 Scoil Pháirc Uí Chinnéide

Bhí sé de dhíth orainn cúpla rud a athrú nuair a tháinig an deis uisce a chur ar bord agus análú a ghlacadh. Beartaíodh cruth na foirne a athrú beagainín le Laoise Ní Dhuibhir & Leah Nic Aogáin a sheoladh isteach san iomaíocht. Bhog Aoibhe níos gaire don chúl chun tacaíocht a thabhairt do na ionsaitheoirí. Arís bhíomar faoi bhrú le linn an dara leath. Bhíomar buíoch as ucht lámha iontaofa Aisling sa chúl – chas sí scór cinnte timpeall an chuaille lena méara agus bhris sí amach go láidir leis an liathróid níos mó ná uair amháin.

Le Lelia, Laoise, Annie, Meadhbh, Alex, Evelyn agus Alannah ag obair go dúthrachtach inár leath féin, bhí sé iontach deacair ar Pháirc Uí Chinnéide poll a shá inár gcosaint agus ansin tháinig an tréimhse inar socraíodh an toradh. Chuir Leah tús leis an gcasadh nuair a d’aimsigh sí giota spáis agus sheol sí liathróid gleoite thar an trasnán. Léirigh Alannah an t-ocras inti don seilbh nóiméad níos déanaí nuair a dhírigh sí ceann eile thairis – go tobann, comhscór a bhí ann: 1 – 2 ag an dá fhoireann.

Rith Rose Ní Laitheasa & Mary Kate Ní hEachín amach ar an bpáirc ag an bpointe seo le cosa úra a chur isteach nuair a bhíomar in uachtar sa chluiche. Agus ansin tháinig an t-am: rug Aoibhe ar an liathróid le rud amháin ar an intinn aici. Le coirpeacha ag preabadh anseo is ansiúd uaithi, bhain sé an spás cuí amach in aice an chúil agus chaith sí cos ar an leathair:

CÚL!!!

D’imigh na gártha molta ar mire sna hardáin! Cúl chun tosaigh anois, ach níor chaith Páirc Uí Chinnéide an tuáille isteach. Laghdaigh siad an bearna le cúilín álainn. Ach bheadh an focal deiridh ag na saighdiúirí ón Charraig Bhán. Bhí na sciatháin scaiptha ag Aoibhe anois agus ní raibh freagra ar bith ag cailíní Uí Chinnéide uirthi. Le tacaíocht ó Ellie Ní Bhraonain, Fern Ní Chocláin, Róisín Ní Scealláin, Tess Butterly & Cora Nic Giollarnáth ón bhinse, chuir Aoibhe dhá scór eile thar an trasnán. Bhí bearna cheithre scór eatarthu anois agus dhún laochra Scoil Charman an imirt amach go muiníneach is go flúirse.

Nuair a shéid an réiteoir an fheadóg deiridh, phléasc na mothúcháin amach ar fud na háite agus thosaigh an ceiliúradh! Rith na sluaite amach ar an bpáirc – idir deora & lúchair le feiscint. Cé go raibh trua ag gach duine dos na cailíní bríomhara ó Pháirc Uí Chinnéide, ní raibh éinne in ann Scoil Charman a shéanadh.

Dhreap na cailíní na céimeanna stairiúla i bPáirc Loch Garman. Ba bheag nár scoilteadh an spéir nuair a d’ardaigh Alex & Evelyn an corn in airde! Bhí an lá linn, tuillte amach is amach i ndiaidh reatha cúig chluiche de bhuachan. An-léiriú go deo ó ghrúpa cailíní faoi leith a thaispeáin meas, inspioráid, díograis agus spreagadh dearfach ó thús go deireadh. Tharraing siad dea-cháil & bród anuas ar an scoil. Ard-mholadh tuillte. Ní bheidh a leithéid arís ann!

Gaelscoil Charman abú!

Míle buíochas le Paddy Donovan as ucht na grianghraif!!!

Liosta na gCailíní

1 – Aisling Ní Bhailís

11 – Grace Nic Eochaidh

21 – Laoise Ní Dhuibhir

2 – Annie Nic Chormaic

12 – Bella Rose Ní hEachach

22 – Tess Butterly

3 – Lelia Ní hEachín

13 – Caoimhe Ní Mhairtín

23 – Cora Nic Giollarnáth

4 – Meadhbh Ní Chuilinn

14 – Aya Tribak

24 – Rose Ní Laitheasa

5 – Alex Ní Raghallaigh (C)

15 – Myah Ní Shiúil

25 – Mary Kate Ní hEachín

6 – Evelyn Ní Bhraonáin (C)

16 – Saoirse Rogers Brady

26 – Eimear Ní Mhairtín

7 – Alannah Ní Fhlannagáin

17 – Ellie Ní Bhraonáin

27 – Kitty Ní Choileáin

8 – Aoibhe Ní Bhroin

18 – Fern Ní Chocláin

28 – Mollie Ní Bhraonáin

9 – Aoibheann Nic Eochaidh

19 – Róisín Ní Scealláin

29 – Ríona Ní Chéibheannaigh

10 – Sadbh Ní Fhathaigh

20 – Leah Nic Aogáin

30 – Layla Ní Fhoghlú

Gaelscoil Charman ABÚ!Gaelscoil Charman ABÚ!Gaelscoil Charman ABÚ!Gaelscoil Charman ABÚ!Gaelscoil Charman ABÚ!Gaelscoil Charman ABÚ!Gaelscoil Charman ABÚ!Gaelscoil Charman ABÚ!Gaelscoil Charman ABÚ!Gaelscoil Charman ABÚ!Gaelscoil Charman ABÚ!Gaelscoil Charman ABÚ!Gaelscoil Charman ABÚ!Gaelscoil Charman ABÚ!Gaelscoil Charman ABÚ!Gaelscoil Charman ABÚ!Gaelscoil Charman ABÚ!
Dec 18
2024
Seó na Nollag / Christmas Show
Dec 19
2024
Seó na Nollag / Christmas Show
Dec 20
2024
Laethanta Saoire na Nollag / Christmas Holidays
Jan 06
2025
Laethanta Saoire na Nollag / Christmas Holidays
Teagmháil linn / Contact
Gaelscoil Charman,
An Charraig Bhán Thuaidh,
Loch Garman,
Y35 XW99.



Suíomh / Location
© 2024 Gaelscoil Charman