Scoil Charman

Jun 19, 20191 min

Turas Scoile Rang 3 + 4

Chuamar ar ár dturas scoile go dtí an Surf Shack i gCurrach Cló ar Aoine fliuch fuar ach níor ligeamar don aimsir muid a stopadh. Chuireamar ár gcultacha tumtha orainn agus ar aghaidh linn. Rinneamar cluichí trá, surfáil coirp, surfáil gainimh agus marcaíocht toinne le clár surfála. Bhí an- spórt agus spraoi againn.

    610
    0