Scoil Charman

Jun 26, 20201 min

Corn Mháire - Bronnta ar Chillian Ó Broin

Chuir sé gliondar croí orainn Corn Mháire a bhronnadh ar bhuachaill faoi leith i Rang 6 - Cillian Ó Broin. Ainmnítear an corn i ndiaidh Múinteoir Máire a bhí ag múineadh anseo linn agus ba dhuine lách, cineálta í, a rinne a dícheall i gcónaí agus a chonaic na dea-thréithe a bhí i ngach duine. Feicimid na deathréithe sin i gCillian freisin agus bhronnadh Corn Mháire air i mbliana dá bharr. Bhí áthas orainn go raibh Donnacha sásta é a bhronnadh air. Is mac Mháire é, Donnacha.

Buachaill speisialta is ea thú, a Chillian. Táimid uilig an-bhródúil asat!

Comhghairdeas leat. Slán tamaill.

    180
    3