Scoil Charman

Jun 26, 20201 min

Slán, a Rang a Sé

D'fhág Múinteoir Áine agus Múinteoir Dearbhla slán le Rang Sé ar an Déardaoin. Tháinig na buachaillí le chéile i ngrúpa amháin agus níos déanaí bhailigh na cailíní i ngrúpa eile.Nach bhféachann siad go hiontach fásta suas ina ngeansaithe nua!

Bhí tráthnóna álainn acu agus bhí an ghrian ag spaladh síos orthu agus iad ag ceiliúradh. Chríochnigh siad an ceiliúradh le cruinniú Zoom níos déanaí sa lá. Go n-éirí an bóthar libh, a Rang a Sé 2020.

Ba phleisiúr dúinn aithne a chur oraibh agus sibh a mhúineadhh Tagaigí ar ais ar cuairt chugainn nuair atá Covid 19 faoi smacht againn. Tá súil againn go bhféachfaidh sibh siar go cion ar bhur dtréibhse i nGaelscoil Charman.

Go n-éirí go geal libh!

    740
    5