Polasaí Iontrála/Admissions Policy

Polasaí Iontrála 2021-22

Gaelscoil Charman

An Charraig Bhán Thuaidh,

Loch Garman

20008E

Pátrún na Scoile: An Foras Pátrúnachta

  1. Réamhrá

Comhlíonann an Polasaí Iontrála seo ceanglais an Achta Oideachais 1998, an Achta Oideachais (Iontráil i Scoileanna) 2018 agus an Achta um Stádas Comhionann 2000. Agus an polasaí seo á dhréachtú, chuaigh bord bainistíochta na scoile i gcomhairle le foireann na scoile, le pátrún na scoile agus le tuismitheoirí leanaí atá ag freastal ar an scoil.

D'fhaomh an pátrún scoile an polasaí ar an 09/06/2020. Tá sé foilsithe ar shuíomh gréasáin na scoile agus cuirfear ar fáil i gcóip chrua é ar iarratas d'aon duine a iarrann é.

Tá na dátaí agus na hamlínte ábhartha do pholasaí iontrála Gaelscoil Charman leagtha amach san fhógra maidir le hiontráil bhliantúil na scoile a fhoilsítear go bliantúil ar shuíomh gréasáin na scoile seachtain amháin ar a laghad roimh thús an phróisis iontrála don scoilbhliain lena mbaineann.

Ní mór an polasaí seo a léamh i gcomhar leis an bhfógra maidir le hIontráil Bhliantúil na scoile don scoilbhliain lena mbaineann.

Foilsítear an fhoirm iarratais i gcomhair iontrála ar shuíomh gréasáin na scoile agus cuirfear cóip chrua di ar fáil d’aon duine a iarrann sin.

Beidh tús áite ag an leagan Gaeilge den pholasaí seo i gcás neamhréitigh.

  1. Spiorad sainiúil agus cuspóirí ginearálta na scoile

Is bunscoil lán-Ghaeilge de chuid An Foras Pátrúnachta í Gaelscoil Charman. Is scoil chomhoideachasúil í a bhí bunaithe i 1994 agus tá éiteas caitliceach aici.

Is príomhchuspóir na scoile í an Ghaeilge a chothú. Cuirimid fáilte roimh pháistí beag beann ar a gcúlra, creidimh nó riachtanais speisialta.

Is í Gaelscoil Charman an t-aon Ghaelscoil sa cheantar agus tá ról faoi leith ag an scoil Oideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil do pháistí áitiúla sa bhaile féin agus san ceantar timpeall ar an mbaile. Tá ról gníomhach ag an scoil an Ghaeilge a chur chun tosaigh i measc pobal an bhaile.

  1. Ráiteas maidir le hIontráil

Ní dhéanfaidh Gaelscoil Charman idirdhealú maidir le dalta a ligean isteach sa scoil ar bhonn aon cheann díobh seo a leanas:

(a) inscne an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,

(b) stádas sibhialta an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,

(c) stádas teaghlaigh an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,

(d) gnéaschlaonadh an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,

(e) reiligiún an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,

(f) bunús mhíchumas an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,

(g) cine an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,

(h) dalta nó iarratasóir ó phobal an lucht siúil i leith an dalta lena mbaineann, nó

(i) riachtanais speisialta oideachais a bheith ag an dalta nó ag an iarratasóir i leith an dalta lena mbaineann.

De réir Alt 61 (3) den Acht Oideachas 1998, forléireofar ‘foras stádais shibhialta', 'foras míchumais', 'leithcheal', 'foras stádas teaghlaigh', 'foras inscne', 'foras cine', 'foras reiligiúin', 'foras gnéaschlaonta' agus 'foras pobail Taistil' de réir alt 3 den Acht um Stádas Comhionann 2000

Comhoibreoidh Gaelscoil Charman leis an CNOS i gcomhlíonadh

feidhmeanna na Comhairle faoin Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil

Riachtanais Speisialta Oideachais Acu 2004 maidir le soláthar oideachais do

leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, lena n-áirítear soláthar agus

feidhmiú rang nó ranganna speisialta nuair a iarrann an Chomhairle a leithéid.

Comhlíonfaidh Gaelscoil Charman le haon ordúchán a sheirbheálfar ar

an mbord nó ar an bpátrún faoi alt 37A agus 67(4)(b).

  1. Daltaí a Ligean Isteach

Ligfidh an scoil seo isteach gach dalta atá ag lorg iontrála ach amháin sna cásanna a leanas –

  1. i gcás ina bhfuil ró-éileamh ar an scoil (féach alt 5 thíos le haghaidh tuilleadh sonraí)
  2. i gcás go dteipeann ar thuismitheoir dalta, nuair a éilíonn an príomhoide é de réir alt 23(4) den Acht Oideachais (Leas) 2000, a dhearbhú i scríbhinn go bhfuil cód iompair na scoile inghlactha dó nó di agus go ndéanfaidh sé nó sí gach iarracht réasúnach lena chinntiú go gcomhlíonfaidh an dalta an cód sin

  1. Ró-éileamh (ní mór do chuile scoil an chuid seo a chomhlánú)

Riachtanas Iontrála

Ní mór do pháiste breithlá 4 bliana d’aois a bheith acu ar an 1 Aibreán den bhliain a bheadh sé i gceist acu tosú ar scoil. Cuirfidh aon iarratas do pháiste a bheidh breithlá 4 bliana d’aois acu idir an 1 Aibreán agus an chéad lá scoile ar an bpríomhliosta feithimh i gcás ró-éilimh & d’fhéadfaí áit a thairiscint dá mbeadh áit scoile ar fáil tar éis do na critéir a bheith curtha i bhfeidhm.

Sa chás go bhfuil ró-éileamh ar an scoil, déanfaidh an scoil na critéir roghnaithe a leanas a chur i bhfeidhm san ord ina bhfuil siad thíos maidir leis na hiarratais a fhaightear laistigh den amlíne chun iarratais a fháil mar atá leagtha amach i bhfógra iontrála na scoile agus na hiarratais ar chead isteach á gcinneadh aici.

  1. Deartháireacha, deirfiúracha, leath-shiblíní, páistí altramaigh nó uchtaithe le daltaí reatha na scoile.
  2. Páistí gur deimhin leis an scoil gur ghnóthaigh an dalta leibhéal líofachta sa Ghaeilge agus gur dhócha go rachadh an líofacht sin ar gcúl mura ligfí isteach i scoil lán-Ghaeilge é/í.*
  3. Páistí a bhfuil deartháir, deirfiúr, leath-shiblín, siblín altramaigh nó uchtaithe acu a d’fhreastail ar an scoil cheana féin. .
  4. De réir aoise; an páiste is sine ar dtús.

*Beidh an dualgas iomlán ar thuismitheoirí/chaomhnóirí fianaise leordhóthanach a chur ar fáil chun leibhéal líofachta sa Ghaeilge a léiriú don bhord. Féach eolas breise sa cháipéis ábhartha atá ar fáil ón scoil.

Sa chás go bhfuil beirt daltaí nó níos mó ar chomhchéim le haghaidh áite nó áiteanna in aon cheann de na catagóirí critéir roghnúcháin thuas (agus líon na n-iarratasóirí níos mó ná líon na n-áiteanna atá fágtha), beidh feidhm ag na socruithe a leanas:

Tá sé de cheart ag Bord na scoile uaslíon na ndaltaí in aon rang ar leith a leagadh síos. Is é an t-uaslíon daltaí a cheadófar sna Naíonáin Shóisearacha ná 30 i rang amháin

Má tá beirt daltaí nó níos mó ceangailte faoi chritéar 1/2/3, socrófar tús áite de réir an chéad chritéar eile ar an liosta. Má tá critéar 4 i gceist, cuirfear san áireamh an t-am ar rugadh an leanbh atá ar fáil ar an deimhniú breithe.

  1. An méid nach mbreithneofar ná nach gcuirfear san áireamh

De réir alt 62(7)(e) den Acht Oideachais 1998, ní dhéanfaidh an scoil aon cheann díobh seo a leanas a bhreithniú ná a chur san áireamh agus iarratais ar chead isteach á gcinneadh nó nuair a bhíonn dalta á c(h)ur ar liosta feithimh le haghaidh iontrála sa scoil.

(a) freastal roimh ré ag dalta ar réamhscoil nó ar sheirbhís réamhscoile, lena n-áirítear naíonraí,

(b) íocaíocht táillí nó ranníocaíochtaí (cibé slí a dtuairiscítear é) leis an scoil;

(c) cumas, scileanna nó inniúlacht acadúil an dalta;

seachas i ndáil le:

- ligean isteach i scoil lán-Ghaeilge, de réir fhorálacha alt 62(9) den Acht

(d) gairm, stádas airgeadais, cumas acadúil, scileanna nó inniúlacht tuismitheoirí dalta;

(e) ceanglas go bhfreastalóidh dalta, nó a t(h)uismitheoirí ar agallamh, lá oscailte nó cruinniú eile mar choinníoll iontrála;

(f) ceangal dalta leis an scoil de bhua duine dá t(h)eaghlach ag freastal ar an scoil nó a d’fhreastail ar an scoil roimhe sin;

seachas go bhfuil sé i gceist ag an scoil:

- critéir roghnúcháin a chur san áireamh bunaithe ar dheartháireacha nó deirfiúracha dalta atá ag freastal ar an scoil faoi láthair nó a d'fhreastail ar an scoil roimhe seo.

(g) an dáta agus an t-am ar ghlac an scoil le hiarratas iontrála

Tá sé seo faoi réir an iarratais a bheith faighte ag am ar bith le linn na tréimhse a shonraítear chun iarratais a fháil- mar atá leagtha amach i bhfógra iontrála bliantúil na scoile don scoilbhliain lena mbaineann.

Tá sé seo faoi réir freisin ag tairiscintí a bheith tugtha ag an scoil go foirmiúil i scríbhinn cheana fein, bunaithe ar liostaí feithimh reatha (suas go dtí an 31ú Eanáir 2025 amháin).

  1. Cinntí ar iarratais

Beidh na cinntí go léir maidir le hiarratais ar iontráil chuig Gaelscoil Charman bunaithe ar na nithe a leanas:

  • Polasaí iontrála na scoile
  • Fógra iontrála bliantúil na scoile (nuair is cuí);
  • An fhaisnéis a chuir an t-iarratasóir ar fáil i bhfoirm iarratais oifigiúil na scoile a fuarthas le linn na tréimhse atá sonraithe inár bhfógra iontrála bliantúil chun iarratais a fháil;

(Féach alt 14 thíos maidir le hiarratais a fuarthas lasmuigh den tréimhse iontrála agus alt 15 thíos maidir le hiarratais ar áiteanna i mblianta seachas an grúpa ligthe isteach.)

Ní úsáidfear critéir roghnúcháin nach n-áirítear inár bpolasaí iontrála scoile chun cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas ar áit inár scoil.

  1. Cinntí a chur in iúl d'iarratasóirí

Cuirfear iarratasóirí ar an eolas i scríbhinn maidir le cinneadh na scoile, laistigh den amlíne atá leagtha amach san fhógra bliantúil iontrála.

Mura dtairgtear áit do dhalta inár scoil, cuirfear na cúiseanna nár tairgeadh áit dó nó di ar fáil i scríbhinn don iarratasóir, lena n-áirítear, nuair is infheidhme, sonraí maidir le rangú an dalta i gcoinne na gcritéar roghnúcháin agus na sonraí faoi áit an dalta ara an liosta feithimh don scoilbhliain lena mbaineann.

Cuirfear iarratasóirí ar an eolas faoin gceart chun athbhreithniú/ceart achomhairc a lorg maidir le cinneadh na scoile (féach alt 17 thíos le haghaidh tuilleadh sonraí).

  1. Glacadh le tairiscint áite ag iarratasóir

Agus tairiscint iontrála á glacadh agat ó Gaelscoil Charman, ní mór duit an méid a leanas a léiriú:

(i) cé acu an bhfuil nó nach bhfuil glactha agat le tairiscint iontrála ar scoil nó ar scoileanna eile. Má ghlac tú le tairiscint den sórt sin, ní mór duit sonraí na tairisceana nó na dtairiscintí lena mbaineann a chur ar fáil freisin.

(ii) cé acu an bhfuil iarratas déanta agat ar thairiscint iontrála ó scoil nó ó scoileanna eile nó cé acu an bhfuil tú ag feitheamh lena dheimhniú, agus má tá, ní mór duit sonraí na scoile nó na scoileanna eile lena mbaineann a sholáthar.

  1. Cúinsí nach féidir tairiscintí a dhéanamh ina leith nó a tharraingt siar

Ní féidir le Gaelscoil Charman tairiscint iontrála a dhéanamh ná a tharraingt siar ach sna cásanna a leanas —

(i) déantar amach go bhfuil an fhaisnéis atá san iarratas bréagach nó míthreorach.

(ii) teipeann ar iarratasóir glacadh le tairiscint iontrála ar nó roimh an dáta atá leagtha amach i bhfógra iontrála bliantúil na scoile.

(iii) má theipeann ar thuismitheoir dalta, nuair a éilíonn an príomhoide é de réir alt 23(4) den Acht Oideachais (Leas) 2000, a dhearbhú i scríbhinn go bhfuil cód iompair na scoile inghlactha dó nó di agus go ndéanfaidh sé nó sí gach iarracht réasúnach lena chinntiú go gcomhlíonfaidh an dalta an cód sin; nó

(iv) teipeann ar iarratasóir riachtanais a chomhlíonadh chun 'glacadh le tairiscint' mar atá leagtha amach in alt 9 thuas.

  1. Sonraí a roinnt le scoileanna eile

Ba chóir d'iarratasóirí a bheith feasach go gceadaítear le hAlt 66(6) den Acht Oideachas (Iontráil Scoileanna), 2018 comhroinnt sonraí idir scoileanna d'fhonn iontráil éifeachtach daltaí a éascú.

Tá ceadaithe de réir Alt 66 (6) do scoil liosta de na daltaí a sholáthar do phátrún nó do bhord bainistíochta eile:

(i) go bhfuarthas iarratas ar ligean isteach sa scoil,

(ii) go ndearnadh tairiscint ar áit sa scoil, nó

(iii) gur glacadh le tairiscint ar áit scoile.

Féadfaidh aon cheann nó gach ceann díobh seo a leanas a bheith ar an liosta:

(i) an dáta a fuair an scoil iarratas ar áit scoile;

(ii) an dáta a rinne an scoil tairiscint ar áit scoile;(iii) an dáta ar ghlac iarratasóir le tairiscint ar áit scoile;

(iv) sonraí pearsanta dalta(í) lena n-áirítear ainm, seoladh, dáta breithe agus uimhir seirbhíse poiblí pearsanta (de réir bhrí alt 262 den Acht Comhdhlúthaithe Leasa Shóisialaigh 2005).

  1. Liosta feithimh i gcás ró-éilimh

I gcás go mbeidh níos mó iarratas ar an scoilbhliain lena mbaineann ná na háiteanna atá ar fáil, tiomsófar liosta feithimh de dhaltaí nár éirigh lena n-iarratas ar iontráil chuig Gaelscoil Charman mar gheall ar ró-éileamh ar an scoil agus beidh siad bailí don scoilbhliain ina bhfuil cead isteach á lorg.

Tá socrúchán ar liosta feithimh Gaelscoil Charman san ord tosaíochta a shanntar d'iarratais na ndaltaí tar éis don scoil na critéir roghnúcháin a chur i bhfeidhm de réir an pholasaí iontrála seo.

Déanfar tairiscintí maidir le haon áiteanna ina dhiaidh sin a bheidh ar fáil don scoilbhliain agus lena linn a bhfuil cead isteach á lorg ina leith maidir leis na daltaí sin ar an liosta feithimh, de réir an oird tosaíochta ar cuireadh na daltaí ar an liosta.

Déanfar an liosta forlíontach feithimh a chruthú má fhaightear iarratais tar éis an dáta deiridh a leagtar amach san Fhógra Iontrála Bliantúil. Cuirfear na hiarratais in ord de réir na gcritéar roghnúcháin sa pholasaí iontrála seo. Beidh an chéad liosta feithimh glanta sula ndéanfar áiteanna a thairiscint d’iarrthóirí ar an liosta forlíontach seo.

  1. Iarratais Dhéanacha

Déanfaidh áit a thairiscint má tá áit ar fáil sa scoil.

Má tá ró-éileamh ar áiteanna sa scoil tar éis an bpríomhphróisis iontrála, líonfar aon áit scoile a thagann chun cinn ina dhiaidh sin ón liosta feithimh a cruthaítear as an bpróiseas sin.

Má fhaightear iarratais tar éis an dáta deiridh mar atá leagtha amach san Fhógra Iontrála Bliantúil déanfar liosta forlíontach feithimh a chruthú . Beidh an príomhliosta feithimh glanta sula ndéanfar áiteanna a thairiscint d’iarrthóirí ar an liosta forlíontach seo. Nuair a thagann spás chun cinn sa scoil, déanfar na hiarratais ar an liosta forlíontach feithimh a mheas de réir na gcritéar roghnúcháin sa pholasaí iontrála seo ar an lá a thagann an áit scoile sin chun cinn de réir an Achta um Iontrálacha Scoile 2018 agus de réir aon rialacháin a rinneadh faoin Acht sin.

  1. Nósanna imeachta maidir le daltaí a ligean isteach i mblianta eile agus le linn na scoilbhliana

Seo a leanas nósanna imeachta na scoile maidir le daltaí a ligean isteach nach bhfuil glactha isteach sa scoil cheana féin chuig ranganna nó blianta seachas grúpa iontrála na scoile ag tús na scoilbhliana:

Is gá do thuismitheoirí/caomhnóirí ar mian leo iarratas a dhéanamh ar áit in aon rang seachas Naíonáin Shóisearacha litir iarratais chuige sin a scríobh chuig Cathaoirleach an Bhoird. Is é an Bord Bainistíochta a dhéanfaidh an cinneadh faoi pháistí a ghlacadh in aon rang eile agus is faoin mBord amháin atá an cinneadh seo.

Naíonáin Shinsearacha/Rang 1

Tabharfar áit má tá áit ar fáil sna ranganna seo a leanas: Naíonáin Shinsearacha agus Rang 1. Sa chás go sáraíonn líon na n-iarratas líon na n-áiteanna atá ar fáil sa rang ábhartha, cuirfidh an scoil na critéir roghnúcháin atá leagtha amach i Roinn 6 den bheartas seo i bhfeidhm ar na hiarratais sin. Sa chás nach bhfuil aon áit ar fáil, cuirfear ainm an pháiste ar an liosta feithimh de réir Alt 12 den bheartas seo.

Rang 2 go Rang 6

Tabharfar áit do pháistí i Rang 2 – Rang 6 má tá spás sa rang agus má chinneann an Príomhoide/Bord Bainistíochta go bhfuil cumas Gaeilge an pháiste ar leibhéal a ligfeadh don pháiste feidhmiú agus foghlaim sa rang agus nach mbeadh ar dhaltaí eile iompú ar an mBéarla chun cumarsáid a dhéanamh. Beidh ar an tuismitheoir/caomhnóir fianaise den chaighdeán seo a chur ar fáil. Is ag an mBord Bainistíochta a bheidh an cinneadh deiridh sna cásanna seo.

Is iad a leanas nósanna imeachta na scoile maidir le daltaí a ligean isteach nach bhfuil glactha isteach sa scoil cheana féin, le linn na scoilbhliana ina lorgaítear an cead isteach :

Tabharfar áit do pháistí i Rang 1 – Rang 6 má tá spás sa rang agus má chinneann an Príomhoide/Bord Bainistíochta go bhfuil cumas Gaeilge an pháiste ar leibhéal a ligfeadh don pháiste feidhmiú agus foghlaim sa rang agus nach mbeadh ar dhaltaí eile iompú ar an mBéarla chun cumarsáid a dhéanamh. Beidh ar an tuismitheoir/caomhnóir fianaise den chaighdeán seo a chur ar fáil. Is ag an mBord Bainistíochta a bheidh an cinneadh deiridh sna cásanna seo.

  1. Dearbhú maidir le gan táillí a ghearradh

Ní ghearrfaidh bord Gaelscoil Charman ná aon duine a ghníomhaíonn thar a cheann táillí ar íocaíocht nó ní lorgóidh sí íocaíocht ná ranníocaíocht (cibé slí a dtuairiscítear) mar choinníoll de –

(a) iarratas ar dhalta a ligean isteach sa scoil, nó

(b) iontráil nó clárú leanúnach dalta sa scoil.

  1. Socruithe maidir le daltaí nach bhfreastalaíonn ar theagasc reiligiúnach

Is scoil Caitliceach í Gaelscoil Charman. Cuireann an scoil fáilte roimh gach uile dalta.

Más rud nár toil é na dtuistí go mbeadh a bpáiste bainteach le oideachais nó searmanais bainteach leis an reiligiúin, ba cheart iarratas i scríbhinn a dhéanamh le Príomhoide na Scoile. Déanfaidh cruinniú a eagrú le tuistí/caomhnóirí an dalta chun plé a dhéanamh ar conas is fearr freastal ar an iarratas sin.

  1. An ceart chun athbhreithnithe/achomhairc

Athbhreithniú ar chinntí an Bhoird Bhainistíochta

Féadfaidh tuismitheoir dalta, nó i gcás dalta a bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige/aici féadfaidh sé/sí a iarraidh ar an mbord athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh áit sa scoil a dhiúltú. Ní mór iarratais den gcineál sin a dhéanamh de réir Alt 29C den Acht Oideachais 1998.

Tá an t-amlíne ina gcaithfear athbhreithniú den gcineál sin a iarraidh agus na ceanglais eile a bhaineann maidir le hathbhreithnithe den gcineál sin leagtha amach sna nósanna imeachta arna gcinneadh ag an Aire faoi alt 29B den Acht Oideachais 1998 atá foilsithe ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna.

Déanfaidh an Bord athbhreithnithe den gcineál sin de réir na nósanna imeachta a rialaítear faoi Alt 29B i gcomhair le Alt 29C den Acht Oideachais 1998.

Tabhair faoi deara: Sa chás gur diúltaíodh áit d'iarratasóir mar gheall ar ró-éileamh ar áiteanna sa scoil, ní mór don iarratasóir iarraidh ar an mbord bainistíochta athbhreithniú ar an gcinneadh sin a dhéanamh roimh achomharc a dhéanamh faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998.

Sa chás gur diúltaíodh áit d'iarratasóir mar gheall ar chúis seachas ró-éileamh ar áiteanna sa scoil, féadfaidh an t-iarratasóir iarraidh ar an mbord bainistíochta athbhreithniú ar an gcinneadh sin a dhéanamh roimh achomharc a dhéanamh faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998.

Ceart achomhairc

Faoi Alt 29 den Acht Oideachais 1998, féadfaidh tuismitheoir dalta, nó i gcás dalta a bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige/aici, féadfaidh sé/sí achomharc a dhéanamh ar chinneadh na scoile seo áit sa scoil a dhiúltú.

Is féidir achomharc a dhéanamh faoi Alt 29 (1)(c)(i) den Acht Oideachais 1998 sa chás gur diúltaíodh áit d'iarratasóir mar gheall ar ró-éileamh ar áiteanna sa scoil.

Is féidir achomharc a dhéanamh faoi Alt 29 (1)(c)(ii) den Acht Oideachais 1998 sa chás gur diúltaíodh áit d'iarratasóir mar gheall ar chúis seachas ró-éileamh ar áiteanna sa scoil.

Sa chás gur diúltaíodh áit d'iarratasóir mar gheall ar ró-éileamh ar áiteanna sa scoil, ní mór don iarratasóir iarraidh ar an mbord bainistíochta athbhreithniú ar an gcinneadh sin a dhéanamh roimh achomharc a dhéanamh faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998. (féach Athbhreithniú ar chinntí an Bhord Bainistíochta)

Sa chás gur diúltaíodh áit d'iarratasóir mar gheall ar chás seachas ró-éileamh ar áiteanna sa scoil, féadfaidh an t-iarratasóir iarraidh ar an mbord bainistíochta athbhreithniú ar an gcinneadh sin a dhéanamh roimh achomharc a dhéanamh faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998. (féach Athbhreithniú ar chinntí an Bhord Bainistíochta)

Déanfar achomhairc faoi Alt 29 den Acht Oideachais 1998 a mheas agus a chinneadh ag coiste neamhspleách achomhairc arna cheapadh ag an Aire Oideachais agus Scileanna.

Tá an t-amlíne ina gcaithfear achomharc den chineál sin a iarraidh agus na ceanglais eile a bhaineann maidir le hachomhairc den chineál sin leagtha amach sna nósanna imeachta arna gcinneadh ag an Aire faoi alt 29B den Acht Oideachais 1998 atá foilsithe ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna.

Polasaí Iontrála 2021-22 Gaelscoil Charman

Dec 18
2024
Seó na Nollag / Christmas Show
Dec 19
2024
Seó na Nollag / Christmas Show
Dec 20
2024
Laethanta Saoire na Nollag / Christmas Holidays
Jan 06
2025
Laethanta Saoire na Nollag / Christmas Holidays
Teagmháil linn / Contact
Gaelscoil Charman,
An Charraig Bhán Thuaidh,
Loch Garman,
Y35 XW99.

Suíomh / Location
© 2024 Gaelscoil Charman