Bhí an-lá ag Gaelscoil Charman inniu i Séipéal Shráid Rua agus páistí Rang 5 & Rang 6 ag dul faoi Lámh an Easpaig.
Lá an-spioradálta a bhí ann gan dabht agus ba fhiú an tréan oibre a bhí déanta ag na páistí mar rith an searmanas go mín ar an lá. D'fhéach na páistí uilig go hiontach ó thaobh faisin agus stíl de.
Ba dheas buaileadh lena gclannta sa séipéal agus ar ais ar scoil agus cúpla sean- aghaidheanna a aithint ó bhlianta eile chomh maith!