top of page

Nuachtlitir Aibreán 2018

Gaeilgeoir na Seachtaine

Déanann na múinteoirí Gaeilgeoir na Seachtaine a roghnú gach Aoine an téarma seo. Beidh grianhraif na bpáistí ar suíomh na scoile. Faigheann na buaitheoirí seacláid te ag am lóin ar an lá. Seo na páistí a bhuaigh go dtí seo.

Rith Spraoi

Tá an obair maidir leis an Rith Spraoi idir láimhe anois. Beidh an rith ag dul ar aghaidh ar an 17ú Meitheamh 2017. Beidh na páistí ag díol ticéid le haghaidh raifil an mhí seo agus tarlóidh an crannchur ar an 17/6/2018. Tá an t-airgead atá á choigilt againn i mbliana ag dul i dtreo áiseanna nua don chlós Spraoi. Tá na cártaí don raifil ag dul abhaile an tseachtain seo agus is féidir clárú don Rás ar line ag www.facebook.com/Gaelscoil5krun/

Bhí comórtas ealaíona againn sa scoil le haghaidh postaer le chur cúl an chárta agus bhuaigh Isobel Ní Riain an comórtas. Maith thú Isobel. Tá na postaer a bhí sa chomórtas deiridh le feiscint sa halla. Tá fáilte roimh tuismitheoirí teacht agus iad a fheisceáil. Beidh gach píosa ealaíona le feiscint ar deireadh seachtaine an Rith Spraoi.

Múinteoir Caroline imithe ón scoil. Go néirí an tádh lei.

Rinne Múinteoir Caroline cinneadh éirí as a post le déanaí. Chríochnaigh sí go h-oifigiúil ag tús na míosa seo. Bhí Caroline ag obair sa scoil le fiche bliain anuas. Mhúin sí na Naíonáin ar feadh treimhse agus ansin bhí sí ag feidhmiú mar mhúinteoir tacaíocht foghlama. Rinne Caroline seal mar leas phríomh oide na scoile chomh maith.

Is cailleantas ollmhór í Caroline don fhoireann agus don phobal scoile. Tá dea cháil uirthi mar mhúinteoir agus mar comhleaca. Tá a fhios agam go bhfuil an omós ag tuismitheoirí agus iar scoláirí di agus beidh an díomá orthu cloisteáil nach mbeidh sí ag filleadh ar scoil. Is iomái tuismitheoir atá an bhuíoch di as ucht an spreagadh a thug sí do pháistí ceol Ghaelach a sheinnt. Guímid gach rath uirthi agus saol fada sláintiúil agus í ag tosnú ar an ré nua seo ina saol.

Sosanna agus Briseadh don Téarma Seo

Bealtaine/ May 7ú

Meitheamh /June 4ú-8ú (an tseachtain ar fad)

Laethanta Saoire an tSamhraidh 29ú Meitheamh

Eachtraí Scoile an Téarma seo

12/05/2018 An Chéad Chomaoineach/ First Communion

14/5/2018-25/5/2015 Scrúdaithe Caighdeánaithe/ Standarized Testing

15/6/2018 Taispeántas Leabhair na bPáistí. /Write a Book Display

17/6/2018 Rith Spraoi

18/6/2018 Lá Spóirt/ Sports Day

25/6/2018 Tuairiscí scoile ar fáil i rith na seachtaine/ Reports are available

28/6/2018 Ceolchoirm Scoile/ School Concert

Dul Chun cinn san Rackard League

Tá trí cluiche imirthe ag na buachaillí I Ranganna 4,5 agus 6. Beidh cluiche amháin eile acu sa sraith seo. D’éirigh go maith leo sa chluiche I gcoinne An Chill Mhór ach faraor cé go raibh na cluichí eile congarach chailleamar. Rinne na buachaillí a seacht ndícheall agus tá ard mholadh tuillte acu.nna agus briseadh don téarma seo.

Scéim Cíosa leabhair

Beidh an fógra maidir leis an scéim cíosa leabhair ag dul amach an tseachtain seo.

62 views0 comments

Recent Posts

See All
bottom of page