top of page

Wow....Lá Peile Iontach!

Chuir St. Mary's Maudlintown fáilte roimh Rang a 3 agus Rang a 4 nuair a thug siad seans dúinn páirt a ghlacadh i mBlitz Peile ar an gCéadaoin, 16ú Bealtaine agus a thiarcais... an-lá a bhí againn!

D'imir buachaillí agus cailíní i gcúig chluiche peile iomaíocha agus bhaineamar uilig ard-sult as imirt in aghaidh cúig scoil eile.

Bhí deis imeartha ag cách, a bhí sciath ghuma acu - cuid acu, nach n-imríonn, ag geallúint dúinn go leanfaidís ar aghaidh ag imirt peile le club éigin as seo amach.

Shiúileamar an bealach is giorra go dtí an pháirc - eolas ón taobh istigh ag Múinteoir Dean!

Chuireadh fáilte is fiche romhainn i Maudlintown go cinnte agus rinne St. Mary's gach is a bhí ar a gcumas acu chun aire a thabhairt dúinn. D'eagraigh Trevor agus a choiste an blitz i mbealach iontach agus rith gach rud go seolta. B'e Múinteoir Dean an príomhstiúrthóir ar an lá agus gabhaimid buíochas mór leis.

Astroturf in St. Mary's Maudlintown

Shiúileamar abhaile tuirseach traochta ach fíor, fíorsásta lenár gcuid!

59 views0 comments

Recent Posts

See All
bottom of page