top of page

Nuachtlitir Meán Fómhair 2018

Turais Scoile

Beidh na páistí sna hardranganna ag dul ar siúlóid staire le Monica Crofton an mhí seo agus an mhí seo chugainn. Beidh turais eile eagraithe do na bun ranganna níos déanaí sa bhliain.

Beidh Ranganna Cúig agus Sé ag freastal ar cheiliúradh 25 bliana an Fhorais ag Tayto Park ar an 28ú Meán Fómhair. Beidh thart 5.000 daltaí ó Ghaelscoileanna ar fud na tíre ag freastal ar an lá.

Síntiús Deonach/ Voluntary Contribution

Beidh an Sintiús Deonach á bhailiú ag an oifig an mhí seo agus an mhí seo chugainn Tá na táillí agus na dátaí luaite thíos. Is féidir an síntiús a íoc i rith na bliana, más mian le tuismitheoirí. Gheobhaidh tuismitheoirí téacs mar admháil nuair atá an t-airgead iomlán íoctha.

Táillí

€60 do pháiste amháin/single child

€80 le haghaidh beirt pháiste /two children

€100 le haghaidh clana family of three or more

Laethanta Bailiúcháin/ Collection dates

13ú 14ú agus 18ú Meán Fomhair 8.30-9.15 agus 1.30-3.00

3ú agus 4ú Deireadh Fómhair 8.30-9.15 agus 1.30-3.00

Beidh airgead le aghaidh bainne agus árachas á bhailiú ar na laethanta chéanna.

Eachtraí Spóirt

Beidh na cailíní agus buachaillí i Ranganna 5 agus 6 bainteach leis an gComórtas Peile don Rackard League. Tá an traenáil tosnaithe an tseachtain seo le Múíteoir Barra, Múinteoir Seán agus Múinteoir Aoife.

Beidh téacsanna agus nótaí ag dul amach maidir leis na cluichí chomh luath agus atá an t-eolas againn.

Beidh traenáil don chispheil á dhéanamh ag Múinteoir Aoife le Ranganna 5 agus 6 gach Máirt óna 2.30 go dtí 3.20.

Ceol

Beidh Ranganna 3agus 4 bainteach leis an “Sing Out Loud” i mbliana. Beidh a thuilleadh eolais againn maidir le dátaí agus ticéidí roimh deireadh na míosa.

Ceadúnais.

Fuair tuismitheoirí litir on scoil an tseachtain seo chaite , ba mhaith linn meabhrú do dhaoine na ceadúnais a thabhairt isteach chomh luath agus is féidir. Níl aon ghrianghraif curtha ar suíomh na scoile go dtí go bhfuil cead againn.

Fógraí/ Notices

Le tús maith a thabhairt don bhliain scoile beidh Aifreann á léamh ag an tAthair Mícheál ar an 12/9/2018 ag 11.45. Tá fáilte roimh tuismitheoirí freastal ar an Aifreann sin.

Cruinniú Cinn Bliana ag Coiste na dTuismiteoirí ar an 25ú Meán Fómhair ag 8.00. Beidh fáilte is fiche roimh cách.

Beidh briseadh an leath téarma againn 26ú Deireadh Fómhair. Beidh na páistí ag duL ar an Siúlóid Spraoi ar an lá sin chomh maith. Beidh a thuilleadh fógraí faoi an mhí seo chugainn.

Recent Posts

See All
bottom of page