top of page

Foireann Na gCailíní - Buaiteoirí

Seo tuairisc scríofa ag Múinteoir Barra faoin mbua iontach a bhí ag na cailíní ar an Luan seo caite.

Foireann na gCailíní Abú – Buaiteoirí arís i 2018!

Tharraing foireann peile na gcailíní idir bhród & onóir anuas ar an scoil an Luan seo caite. Ag leanúint ar aghaidh ón mbua suntasach anuraidh i gCorn Mhic Riocaird, thug na cailíní an Corn ‘Rising Stars’ abhaile ó Pháirc Naoimh Phádraig in Inis Córthaidh. Ba chluiche bríomhar, fisiciúil & corraitheach é i gcoinne Bhaile Uí Chonnmhaí ach i ndiaidh iarrachta & spioraid do-chreidte arna léiriú acu, chríochnaigh na cailíní díreach ar an taobh ceart ar an gclár: cúilín amháin idir na foirne!!

Sa chluiche ceathrú-cheannais amuigh i Naomh Mairtín coicís roimh Oíche Shamhna, d’imir na cailíní go tréan sa ghaoth & sa bháisteach i gcoinne Bhaile an Phiarsaigh. Ba shoiléir do chuile dhuine a d’amharc ar an gcluiche céanna go raibh foireann chumasach & mhuiníneach ag an scoil i mbliana.

I measc na réaltaí an iarnóin sin, sheas an líne leath-chúlaí amach – níor éirigh le Baile an Phiarsaigh an balla a chruthaigh Éabha, Abi & Isobel a tharraingt anuas. Caithfidh gur rith Lucia & Captaen na foirne Sorcha dhá mharatón eatarthu le linn an chluiche! Leis an damáiste a rinne Siúin, leas-chaptaen Éireann & Alexa ar an gclár, mháirseáil ár laochra ar aghaidh.

An tseachtain dar gcionn sa chluiche leath-cheannais, rinneadh imscrúdú géar ar chroí & ar fhonn na foirne ar an bpáirc álainn in Inis Córthaidh (an áit ar chaill na cailíní an Chraobh Chontae anuraidh). Foireann dáiríre a bhí os comhair na gcailíní le Cluain an Róistigh. In ainneoin na hoibre a bhí curtha isteach, dhá phointe taobh thiar a luigh cúrsaí ag leatham. Ach níor léirigh ár gcailíní aon trócaire ó thús an dara leath. Ardaíodh an leibhéal agus méadaíodh an luas – ní raibh freagra dá laghad ag an scoil eile nuair a tháinig scór i ndiaidh scóir eile. Le Sorcha ina “ollscairtaire” tríd an lár & Alexa mar “mhaighnéad liathróide” ar na cliatháin, chríochnaigh Saoirse, Hollie & Caitlin thuas sna tosaithe an jab go gairmiúil. Le Clarisse, Ellie & Cádhla ar aire sna chúlaithe, ní raibh ach cinniúint amháin i ndán don ghrúpa misniúil seo – an Chraobh!

Tháinig lá an chluiche-cheannais sa deireadh ar an 12ú Samhain faoi na soilse. Ar ais in Inis Córthaidh, ach in aghaidh Bhaile Uí Chonnmhaí a bhí na cailíní an uair seo. Mar a dúirt rúnaí an choiste nuair a bhronnadh an corn i ndiaidh an chluiche, bhain an dá fhoireann is fearr sa chomórtas an chraobh amach. Mhothaigh an fhoireann ar fad brú & teannas sa chéad leath agus iad i gcoinne na gaoithe. Murach an tslánaitheoir Sadhbh sa chúl, is dócha go mbeadh cúrsaí socraithe inár gcoinne roimh leatham. 0-2 go 1-5 don scoil eile a sheas rudaí nuair a séideadh feadóg an bhriseadh. Tháinig an deis chun uisce a chur ar bord agus machnamh a dhéanamh ar pé athruithe a bhí ag teastáil.

Díreach ón tús an dara leath, chuir ár laochra aghaidh dícheallach ar an saothar. Leis an ngaoth ar an droim, d’éirigh leo an seilbh luachmhar a aimsiú thart ar lár na páirce. Anois bhí an scoil eile ag cúlú. Ach ba chosúil nach mbeadh an lá linn go dtí gur phléasc Éireann an líontán le roicéad fíochmhar!! Spreag an scór sin an fhoireann uilig agus rinne na cailíní léigear ar an gcúl eile. “Thar an trasnán!” an screadaíl a bhí ag teacht ón taobhlíne nuair a cailleadh ceithre nó cúig sheans agus an clog ag maolú – ach plean eile a bhí ag an gcaptaen Sorcha nuair a bhris sí tríd an gcosaint le greim an fhir bháite ar an liathróid. Cúl eile aimsithe agus Gaelscoil Charman pointe amháin taobh thiar; an lucht féachana le sracfhéachaint faitíosach ar na huaireadóirí gach tríocha soicind. Leis an am ag sleamhnú, bhuaigh Siúin an seilbh cinnte agus sheol sí an leathair thar an trasnán – ruaille buaille san ardán agus níorbh fhada gur chualathas an fheadóg dheiridh – am breise! Phew!

Go luath san am breise, d’éirigh leo cic saor a chur thairis agus bhí an Ghaelscoil chun tosaigh don chéad uair sa chluiche. Ach ar ndóigh, ní raibh an tuáille caite isteach ag an scoil eile go fóill – tháinig siad ar ais go láidir agus chuir gach uile imreoir a gcoirp ar an líne ar son na cúise. Tháinig Isobel (R5), Ashlynn, Sianna & Caylee isteach chun a gcuid a dhéanamh. Le gach liathróid oscailte, bhí croíthe ag preabadh ‘s ag léim ag gach duine ag breathnú. Léirigh Sadhbh an díograis sa chúl arís le cúpla bloc do-chreidte, bhuail Alexa an cuaille, phioc Abi cúpla liathróid ón spéir, bhí Lucia i ngach aon áit, ach i ndáiríre bhí laochra againn ó bhun go barr na páirce. Ba faoiseamh an domhain é nuair an cuireadh críoch leis an imirt ar scór:

Gaelscoil Charman 2-5 1-7 Baile Uí Chonnmhaí

Bhailigh Sorcha agus Éireann an corn ar son na foirne agus cuireadh tús leis an gceiliúradh. Léiríodh an meas cuí don scoil eile a ghlac páirt gníomhach sa chath a tháinig roimh an mbronnadh ach bhí an lá ag ár gcailíní. Fanfaidh an chuimhne speisialta seo in aigne gach aon duine i bhí i láthair ar an oíche. Comhghairdeas mór don ghrúpa iontach seo. Beidh an éacht seo scríofa go deo i stair na scoile.

GAELSCOIL CHARMAN ABÚ!!!

100 views0 comments

Recent Posts

See All

Rang 1 ar a dTuras Scoile

Chuamar ar ár dturas scoile go dtí Pirates' Cove agus a leithéad de lá a bhí againn! Scaoileamar piléar ar a chéile - Jellyball Blasters! Chuamar ar na báid bumper. Léimeamar timpeall sna mbolgáin ae

bottom of page