top of page

Buaiteoirí an Chomórtais

Bhí comórtas ealaíne againn ar scoil chun póstaer a dhearadh agus a mhaisiú chun bolscaireacht a dhéanamh ar an Rás 5k. Bhí neart obair ealíonta déanta ag na ranganna tríd na scoile agus sa dheireadh rinneadh gearrliosta de na hiontráileacha go léir.

Sa ghearrliosta bhí postaerí

ó Stella, Cara, Jack R.agus Aoibhinn (Rang 1);

ó Bhróna,Pilib agus Lucy (Rang 2);

ó Hollie agus Aoibheann (Rang 3);

ó Isobel,Páidí agus Aoibhinn (Rang 4);

ó Chadhla, Faye agus Mia (Rang 5) agus

ó Holly agus Roibeárd (Rang 6).

Bhí caighdeán na bpóstaerí an-ard go deo. Molaimid iad go léir go hard agus i ndiaidh an-chuid mhacnaimh agus cur agus cúiteamh, bheartaíodh go mbeadh beirt pháiste mar bhuaiteoirí againn.

B' iad na buaiteoirí ná....................

Cadhla Ní Chuirc (R5) agus Holly Ní Bhroin (R6).

Bhí dearadh breá, geal, tarraingteach, soiléir ag an mbeirt acu.

Sár-obair a chailíní!!

Recent Posts

See All
bottom of page