Scríobh Leabhar
Chaith páistí na Gaelscoile neart ama ag obair mar údair agus dearthóirí i rith an théarma seo agus tá torthaí na dea-oibre sin ar thaispeáint sa halla againn faoi láthair.
Tá forbairt an phróiséas scríbhneoireachta le feiceáil go soiléir ó Rang na Naíonáin go Rang 6. Scríobh na páistí plean scéil,ansin dréacht agus ansin chuireadar an leabhar féin le chéile.
Chaith siad am ag léamh a scéil féin do pháistí i rang eile agus bhí deis acu a f(h)éinmheastóireacht a dhéanamh ar na leabhair uilig.
Molaimid go hard na húdáir go léir agus a leabhair.







