Céiliúradh ar Seachtain na Gaeilge i Rang na Naíonán

Bhaineamar taitneamh as an gceol traidisiúinta a bhí á sheinnt ag na ceoltóirí. Bhí an bosca ceoil á sheinnt ag Daidí Kitty.

Bhí bricfeasta againn lenár gcairde Rang 5. Bhíomar ag labhairt as Gaeilge.

Bhíomar ag imirt cluiche sa rang. Cén ainmhí mé? Chuireamar ceisteanna ar an rang 'an bhfuil dhá/ceithre chos orm? an bhfuil dath donn orm? An bhfuil mé ar an bhfeirm? An bhfuil mé sa zú? An bhfuil mé sa dufair? An peata mé? An madra mé? An tíogar mé? Is madra tú. Is tíogar tú. Ní leon tú. Ní moncaí tú.

Is coinín mé.

Is leon mé.

Is bó mé.

Is cangarú mé.

Is tíogar mé.

Maith sibh Oliver, Páidí, Kitty agus Daithí a bhuaigh Gaeilgeoir an Lae. Bhí sár-Ghaeilge á labhairt acu! Maith sibh na Naíonáin ar fad a rinne an-iarracht Gaeilge a labhairt. Leanaigí leis!

Déan Teangmháil Linn

Fón Oifige: (053) 9124227

Fax: (053) 9126392

Ríomhphoist: gaelscoilcharman@gmail.com

Seoladh 

Gaelscoil Charman

An Charraig Bhán Thuaidh

Loch Garman

Y35 XW99