top of page

Athrú ar Dhátaí na Laethanta Saoire

Beatha agus Sláinte

Tá súil agam go bhfuil gach duine slán sábháilte.

Bhí sé beartaithe againn 18ú &19ú Feabhra a thógaint mar bhriseadh leath téarma an bhliain seo. Bhí saoire eile beartaithe ón 8ú--11ú Meitheamh.

Tar éis seo a phlé leis an bhfoireann agus an Bord Bainistíochta tá an cinneadh déanta breis laethanta a thógaint i Mí Feabhra agus an sos i Mí an Mheithimh a dhéanamh níos giorra. Mar sin beidh briseadh seachtaine ón 15ú-19ú Feabhra ag an scoil.Tá súil againn bheith thar nais ar scoil i Mí an Mheithimh agus bheadh teagmháil ranga leis an múinteoir níos fiuntaí ná an oideachas ar líne atá ar fáil i Mí Feabhra. Tá súil agam nach gcuireann seo isteach ar thuismitheoirí agus go dtuigfidh daoine gur ar mhaithe an oideachais atá an cinneadh seo déanta.

Le dea mhéin

Áine


Laethanta Saoire Nua:

15ú-19ú Feabhra

7ú & 8ú Meitheamh

15 views0 comments

Recent Posts

See All
bottom of page