Pitseamaí agus Pancóga ag na Naíonáin Bheaga!
Bhí sár-lá ag na Naíonáin Bheaga ar Lá na bPancóga. Bhí na pancóga an-bhlasta agus chaith siad pitseamaí ar scoil. Bhailíomar airgead le haghaidh Pieta House. Míle buíochas do na tuismitheoirí a rinne na pancóga dúinn, do Rang 6 agus Múinteoir Éabha a d'eagraigh an rang agus na toppings go léir.