top of page

Seachtain Cineáltais

Bhí seachtain álainn againn le haghaidh Seachtain Cineáltais. Rinneamar an- chuid rudaí deasa. Bhí obair bhaile cabhrach, suaimhneach agus spraoiúl ar ndóigh againn don seachtain cosúil le pictiúr a tharraingt, a bheith ag damhsa timpeall an tí nó bia a thabhairt d'ár bpeataí. Ní dhearna an Coiste Flannbhuí dearmad ar na daoine fásta go léir mar fuaireadar Pas Oibre!

Ar scoil rinneamar an- chuid rudaí taitneamhach cosúil le aireachas seacláide, cártaí vailintín a dhearadh d'ár gcairde agus bhí Km á rith againn gach lá ar Chosáin Mháire. Chun deireadh a chur leis an seachtain bhí cead ag gach éinne gléasadh i dearg nó bándearg agus fiú bhí pictiúrlann agus dioscó againn sa halla. D'fhéachamar ar Peppa Muc aș Gaeilge, Yu Ming is ainm dom, Dún Draíochta agus Béirín Buí i dTír na Síóg. Bhí an- chraic againn sa dioscó ag damhsa go dtí Seinnliosta Coláiste Lurgan. Tá an briseadh tuillte go maith againn anois táimid spianta ach sona ag dul abhaile. Beimid ag súil go mór le 'Pancóga agus Pitseamaí' ar lá na bPancóga a bheidh ag tarlú i ndiaiadh an briseadh. Phew!

Míle buíochas leis an gCoiste Flannbhuí a d'eagraigh gach rud.


We had such a great week during 'Kindness Week'. We loved taking a break from homework and doing some helpful and relaxing things instead. We did lots of things in school like our chocolate meditation, making cards for our friends and running a Km every day. The highlight of the week was when we all wore red or pink. We also had a special treat in the hall where we had a cinema for the day and a disco.We listened to lots of our favourite songs as Gaeilge from Coláiste Lurgan and we even watched Peppa Pig as Gaeilge. The Amber Flag Committee did such a wonderful job organising the week. We can't wait for next Tuesday when we will have our 'Pancakes and Pyjamas' day in aid of Pieta House. Phew, what a fun week!



























35 views0 comments

Recent Posts

See All

Rang 1 ar a dTuras Scoile

Chuamar ar ár dturas scoile go dtí Pirates' Cove agus a leithéad de lá a bhí againn! Scaoileamar piléar ar a chéile - Jellyball Blasters! Chuamar ar na báid bumper. Léimeamar timpeall sna mbolgáin ae

bottom of page