top of page

Turais Scoile i Rang 3

Bhí an t-ádh linn i Rang a Trí i mbliana mar bhí an deis againn dul ar dhá thuras scoile


Ar an 9ú Meitheamh chuamar amach an bóthair chuig an IOAC.Rinneamar an cúrsa constaice 'Berserker';dhreapamar in airde ar na Téadanna Arda agus scaoileamar saigheadanna as boghanna. Bhí an- spórt is spraoi againn cé go rabhamar fliuch go craiceann de bharr na báistí troime a thit le linn an lae ach sin mar chuid den chraic!


Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch nuair a shiúileamar ar ais in am ag an bPáirc Oidhreachta ar an 17ú Meitheamh. Ar scoil d'fhoghlaimíomar faoina Bailitheoirí agus Sealghairí, na Céad Feirmeoirí agus na Lochlannaigh mar sin bhí na páistí réidh chun é a thuiscint agus é a fheiceáil go fíreannach. Bhí Siúlóid Staire déanta acu le Monica Crofton níos luaithe sa bhliain. Léigh Múinteoir Áine an leabhar 'The Vikings at Drumshee' mar sin bhí a lán ar eolas ag na páistí cheana féin.




39 views0 comments

Recent Posts

See All
bottom of page