top of page

Bazaar na Nollag

Nach iontach an lá a bhí againn ar an nDomhnach. Rinne Coiste na dTuismitheoirí an t-úafás oibre chun a chinntiú gur rith an lá go seolta agus nárbh fhiú í! Bhí neart gníomhaíochtaí difriúla eagraithe acu ar fud na scoile - Eispéaras na Nollag le Daidí na Nollag agus a shíofraí, Stallaí le ceardanna difríula, cluichí, pancóga, bréagáin, buidéil agus mar sin de. Chaith na tuismitheoirí uaireanta roimh ré agus ina dhiaidh chun lá iontach a bheith ag cách agus gabhaimid míle buíochas leo as ucht sin go léir.Gabhaimid buíochas freisin le gach duine a chuir a lámh ina bpóca féin chun cabhrú linn fundaireacht a dhéanamh ar son na scoile. Ba dheas linn seanaghaidheanna, agus aghaidheanna nua a fheiscint, idir sean agus óg.

 

"Bíonn blas ar an mbeagán" a deirtear mar seanfhocal. Mar sin, seo blas na hoibre agus an atmaisféir a bhí timpeall na scoile ar an nDomhnach.

110 views0 comments

Recent Posts

See All
bottom of page