top of page

Ár Scoil Féin

Fís na Scoile 

‘Sí... aidhm Ghaelscoil Charman ná timpeallacht foghlama agus pobal gaelach a chruthú ina gcothaítear agus a dtugtar meas ar indibhidiúlacht gach uile páiste.

Cuirtear fáilte roimh gach páistí agus tugtar deiseanna chomhionannais sa scoil in atmaisféar taitneamhach dearfach le dúshlán ann do gach duine a c(h)umas a bhaint amach.

 

Cothóimid féin-luach ag cruthú saoránaigh freagracha a bheidh meas acu ar a dtimpeallacht, ar chultúr na Gaeilge, ar chultúr an pháiste féin agus suim acu obair ar a son.

Chun a thuilleadh eolais ar na polasaithe a fháil, déan cliceáil anseo.  

Dearbhla Mhic Chaoilte, Príomhoide

Stair na Scoile

 

Is iomaí uair a luadh go mbeadh éileamh ar ghaelscoil i mbaile Loch Garman ach níor tháinig sé i gcrích go dtí gur bunaíodh Gaelscoil Charman sa bhliain 1994.  Ag an am ní raibh ach 37 ag freastal ar an scoil agus is féidir grianghraif na ndaltaí sin a fheiscint ar fhallaí na scoile seo anois. Ní bhfuair an scoil aitheantas buan ón Roinn Oideachais agus Scileanna go dtí 1997. Ag fás agus ag forbairt atá cúrsaí gaelscolaíochta i Loch Garman ó shin.

 

B' í Áine Uí Ghionnáin an príomhoide ar Ghaelscoil Charman ón dtús. Bhí fís aici agus thuig sí gur de réir a chéile a thógtar caisleáin. Bean is ea í a d'oibrigh go dian ar mhaithe le gach duine a bhí faoina cúram - oibritheoirí sa scoil, múinteoirí, daltaí, cuairteoirí, tuismitheoirí agus araile go dtí gur éirigh sí as i Lúnasa 2021. Is í Dearbhla Mhic Chaoilte an príomhoide anois. Thosaigh Dearbhla ag obair mar mhúinteoir i nGaescoil Charman 2005 agus ghlac sí ról an Phríomhoide i Meán Fómhair 2021.

 

Bhí an scoil lonnaithe sa Scoil Cheoil ar dtús.  Ansin bhí seomraí san Ionad phobail sna Botha Fuara in úsáid chomh maith le siopa folamh sa cheantar céanna!  Ar deireadh bhí gach rang go léir le chéile in Ionad Naomh Iósaf agus gort deas imeartha ann do na páistí.  Ach tháinig deireadh leis an ré sin agus is as monarcha a bhí an scoil ag feidhmiú go dtí Meitheamh 2005.

 

Ach b’fhiú an t-achrann ar fad mar i Meán Fómhair 2005  bhí an scoil ag feidhmiú  as an bhfoirgneamh úr nua ar an gCarraig Bhán Thuaidh. Bhí an fhís i gcrích; bhí an caisleán ar an bhfód. Aistear mór fada ab ea é lán de mhothúcháin éagsúla: díomá, strus, gáire, gol, bród, misneach… agus lán de chuimhní cinn chomh maith.

 

 

Is iomaí duine a stiúraigh an scoil ar an mbóthar ceart.  Bhí Lorcán Ó hUadhaigh ina chathaoirleach ar Bhord Bainistíochta na Scoile ó 1994 – 2010, an t-Athair Mícheál Ó Sé ó 2010-2011, Pádraig Ó Lorcáin ó 2011-2015, Máire Uí Liatháin ó 2015- 2019, Tomás ó Gallachóir ó2019-2020, agus Caitríona Ní Choileáin go dtí an lá atá inniu ann.

 

Bhí cabhair agus comhairleoir spioradálach ag teastáil chomh maith agus fuarthas é sin ón Athair Séamus Ó Murchú a bhí ina shéiplíneach ó 1994-2005 agus tá an t-Athair Mícheál Ó Sé in a shéiplíneach ó shin.

 

Bhí Prionnsias ina príomhoide thánaisteach ag tacú le hÁine sna blianta tosaigh ach ina diaidh bhí an ról sin ag Síle, Caroline agus tá  ról an phríomhoide thánaisteach ag Denise faoi láthair. Ní neart go cur le chéile!

 

 

Tá foireann na scoile an-bródúil as iar-scoláirí na scoile.  Tá siad cáilithe i ngach saghas gairm bheatha –cócaire, gruagaire, múinteoireacht, margaíocht, gnó, leigheas, tógáil, drámaíocht, ríomhaireacht, cuntasóireacht, na meán cumarsáide, dlí, ealaíon agus araile.  Cé a cheapfadh é i 1994? Is deas a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh as Gaeilge le h-iar scoláirí na scoile.  Níor chaill siad an tseoid riamh.

 

 

Níl íseal ná uasal nach mbíonn suas seal agus síos seal …..Cailleadh Sorcha Nic Réamoinn, iar-scoláire na scoile i 2008 agus cailleadh Bernadette Murphy i 2010 agus Máire Uí hUigín i 2016, a bhí mar bhaill de fhoireann na scoile.  Dearadh gairdín cuimhniúcháin ar shuíomh na scoile chun deis a thabhairt do dhaoine cuimhneamh ar na mairbh. D'osclaíodh Cosán Mháire os comhair na scoile go hoifigiúil i mí Dheireadh Fómhair 2017.  Suaimhneas síoraí go raibh acu.

 

 

Tá Seán agus Éabha ar ais san Alma Mater ag múineadh le cúpla bliain.  Is comhartha dearfach é go bhfuil siad sásta filleadh agus a bheith mar chomhleacaithe leis na múinteoirí a mhúin iad roinnt blianta ó shin.Chuireadh fáilte roimh múinteoirí nua -Barra, Deirdre agus Alison - i Meán Fómhair 2016.

 

Ní hamháin go bhfuil na h-iarscoláirí óga ag teacht chun múineadh sa scoil ach thosaigh páistí le beirt iar-scoláire sa scoil i Meán Fómhair 2015.  Bhí máithreacha na bpáistí, Saoirse Nic Fhearghaile agus Ciara Nic Dhomhnaill, sa chéad rang nuair a thosaigh an scoil.  Nach tapa a imíonn na blianta!

 

 

Tús maith leath na h-oibre….cé nach raibh foirgneamh ceart ag an scoil agus an –chuid cruatain sna blianta tosaigh bhí dea-atmaisféar i gcónaí ann ach mar chrann taca bhí cion agus grá do chultúr na Gaeilge le feiscint go soiléir.  Agus tá an tionchar sin ag leathnú agus tá suim agus meas ar chultúr na Gaeilge méidithe i measc muintir an bhaile agus an chondae.  Ó hosclaíodh Gaelscoil Charman tá dhá ghaelscoil eile anois sa chondae, in Inis Córthaidh agus i nGuaire.  Tá an t-éileamh ar Mheánscoil Garman ag dul i méid gach bliain chomh maith.  Tá an fhís tagtha chun foirfeachta; níor chaill fear misnigh riamh é ná bean mhisniúil ach an oiread!

 

 

N’fhéadfadh éinne i 1994 a shamhlú cad a tharlódh le Gaelscoil Charman.  Is léir go bhfuil rian na scoile fágtha ar a lán daoine, idir óg agus aosta.  Go leana sí ag tacú, ag forbairt, ag cothú, ag láidriú, ag éisteacht agus ag freagairt sna blianta romhainn. Gura fada buan í!

Coiste Cumann na dTuismitheoirí

Déan íoslódáil:

  • Déan cliceáil here do mhiontuairisc an chruinniú is deireanaí

  • Déan cliceáil here do Bhunreacht Chumainn na dTuistí Gaelscoil Charman

Eolas

Cathaoirleach:                            Kathy Scott                  

Cisteoir:                                      Emmet Fahy             

Rúnaí:                                         Rebecca Foley

 

Ionadaithe Ranga

  • Clodagh Keoghan Murray             Naíonáin Bheaga

  • Helen Goff                                     Naíonáin Mhóra

  • Cathy Scott                                    Rang 1

  • Pauline Lehane                              Rang 2

  • Maeve Brennan                              Rang 3

  • Sinéad Goff                                    Rang 4

  • Emmet Fahy                                   Rang 5

  • Donal Keane                                  Rang 6

 

Ionadaithe Bord Bainistíochta

 

  • Orla Fahy agus Briain Ó Flatheartaigh

An Bord Bainistíochta

Cathaoirleach: Caitriona Ní Choilean

 

Baill an Bhoird

  • Máire Uí Liatháin,      (Ionadaí an  Phátrúin)

  • An t-Athair Mícheál Ó Sé

  • Seán Ó Riain      (Cisteoir)

  • Dearbhla Mhic Chaoillte (Rúnaí)

  • Niamh Nic Fheorais

  • Órla Uí Fhathaigh

  • Briain Ó Flatheartaigh

bottom of page